|
“All Learning begins when our comfortable ideas turn out to be inadequate.” - John Dewey
Forbhreathnú
Ó seoladh é in 2002, tá go leor déanta ag an Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas chun acmhainn na hearnála foirmiúla oideachais a neartú le freastal ar riachtanais na ndaoine aonair, na bpobal agus na sochaí, riachtanais a bhíonn ag athrú.
Cuireann an Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas (B.T.E.I) deiseanna ar fáil do dhaoine óga agus do dhaoine fásta a d'fhág an t-oideachas foirmiúil go hóg, b'fhéidir, Filleadh ar Oideachas (Fás).
Tá an clár sin deartha le haghaidh scileanna a fhorbairt de réir mar a bhíonn riachtanais ann dóibh.
**************************************
TIONSCNAMH UM OIDEACHAS A ATHBHLAISEADH (BTEI)
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Gaillimh Thiar
Ann McCormack Tel: (087) 2851693 / (091) 866912
Ríomhphost: btei@cogalvec.ie
Gaillimh Thoir
Catherine Cooney Tel: 091-841387
Ríomhphost : stbrendanstc@cogalvec.ie
***************************************
Cuireann Cláir Pháirtaimseartha faoi BTEI ar fáil:
- Deis do dhaoine óga agus fásta Filleadh ar Oideachas (Fás).
- Bealach eile isteach dóibhsean san ionad oibre ar mhaith leo a gcuid scileanna a uasghrádú le teacht le riachtanais a bhíonn ag teacht chun cinn.
- Deis le haghaidh oideachas agus oiliúint a chomhcheangal le teaghlach, obair agus freagrachtaí eile.
Tugtar tosaíocht do dhaoine aonair agus grúpaí a mbíonn baic shonracha nó ghéara roimh a rannpháirtíocht. Is é aidhm ghinearálta BTEI rannpháirtíocht daoine óga agus fásta, ar a mbíonn níos lú ná oideachas sinsir dara leibhéal, a mhéadú i raon deiseanna foghlama solúbtha.
Cuirtear na cúrsaí ar fad ar fáil ar bhonn páirtaimseartha agus bíonn deis ann teisteasú náisiúnta a fháil (FETAC).
Spriocghrúpa:
Is aidhm do na cúrsaí páirtaimseartha faoi B.T.E.I. breisoideachas a dhéanamh níos inrochtaine go ginearálta. Tugtar ardtosaíocht do dhíriú ar dhaoine aonair agus grúpaí a mbíonn baic shonracha nó ghéara roimh a rannpháirtíocht agus a mbíonn sé níos deacra iad a thabhairt isteach sa phróiseas foghlama foirmiúla.
- Daoine fásta nó daoine óga a bhíonn os cionn 16 agus a d'fhág an scoil gan aon cháilíochtaí foirmiúla nó gan acu ach cáilíochtaí ísle nó leibhéil ísle litearthachta
- Daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus iadsan atá i mbaol a bheith dífhostaithe go fadtéarmach, go háirithe iadsan sna haoisghrúpaí níos sine
- Daoine nach bhfuil ag obair ach nach bhfuil cáilithe le bheith ar an mBeo-Chlár
- Daoine sa lucht saothair a bhfuil riachtanais scileanna bunúsacha acu
- Mná faoi mhíbhuntáiste a bhfuil bac faoi leith roimh a bpáirtíocht
- Fir faoi mhíbhuntáiste, ar a n-áirítear fir faoin tuath a bhraitheann scoite amach
- Tuismitheoirí Aonair agus daoine eile a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu a choisceann orthu a bheith rannpháirteach i gcúrsaí lánaimseartha
- Lucht Siúil
- Daoine gan Dídean
- Mí-úsáideoirí Substainte
- Iarchiontóirí
- Daoine faoi Mhíchumas
- Daoine nach Béarla a máthairtheanga, a dteastaíonn tacaíochtaí litearthachta agus teanga uathu
Áiseanna For-rochtana:
Feidhmíonn na cláir B.T.E.I. ag suímh éagsúla ar fud an chontae mar chuid den chur chuige ceantarbhunaithe.
barr an leathanaigh |