|
Cúlra an Choláiste
Bunaíodh Coláiste an Eachréidh i Lúnasa 2006. Is iar-bhunscoil lán-Ghaeilge í faoi choimirce Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Is scoil chomhoideachais, ilchreidmheach í agus is Gaeilge an teanga cumarsáide agus múintear gach ábhar trí Ghaeilge. Tá suíomh lárnach ag an scoil i mBaile Átha an Rí agus í ag freastal ar abhantrach scoile a shíneann ó Thuaim go Béal Átha na Sluaighe, ó Órán Mór go Baile Locha Riach agus ó dheas go dtí an Gort. Is dul chun cinn nádúrtha do dhaltaí a d'fhreastail ar bhunscoileanna Lán-Ghaeilge freastal ar Choláiste an Eachréidh. Fáiltimid, áfach, roimh dhaltaí ó gach bunscoil a bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge acu. Go deimhin níor fhreastail an tríú cuid de na daltaí uile a fhreastalaíonn ar iar-bhunscoileanna Lán-Ghaeilge ar bhunscoileanna Lán-Ghaeilge roimhe sin. Is é Coláiste an Eachréidh an chéad scoil dá leithéid a bunaíodh, ní hamháin i gContae na Gaillimhe (lasmuigh de chathair na Gaillimhe) ach i gConnachta.
Buntáistí an Oideachais Lán-Ghaeilge
Tír dhátheangach í Éire dála a lán tíortha eile agus is í an Ghaeilge bunús an chultúir faoi leith atá againn. Labhraíonn níos mó ná leath dhaonra an domhain níos mó ná teanga amháin. Creideann oideachasóirí go mbíonn buntáistí dearfacha san oideachas dátheangach do leanaí. Cuidíonn sé gastacht agus beogacht intinne a chothú. Tugann sé dhá fhuinneog don duine le breathnú ar an domhan.
- Líofacht i dteanga dhúchais an dalta.
- Buntáiste cognaíoch intleachtach.
- Foghlaimíonn an dalta an tríú teanga go réidh.
- Feabhsaíonn féinmheas an dalta.
- Caighdeáin acadúla den scoth.
Sainspiorad pobail a nascann daltaí le chéile, agus féinmheas á fhorbairt.

Turas go Ceapach na gCapall NETBOOKS Foireann Marcaíochta
barr an leathanaigh
Bord Bainistíochta
Tomás Breathnach (Coiste Gairmoideachas)
Máire Ní Chéidigh (Coiste Gairmoideachas)
Cllr. Pádraig Ó Suilleabháin (Coiste Gairmoideachas)
Peadar Ó Céidigh (Coiste Gairmoideachas)
Turlough Ó Cuidithe (Ionadaí Foirne)
Gearóidín De Búrca (Ionadaí Foirne)
Pádraic Ó Flátharta (Ionadaí Tuismitheoirí)
Lorna Nic Cába (Ionadaí Tuismitheoirí)
Brian Ó Maoilchiaráin (Rúnaí an Bhoird)
Pearsanra/Foireann na Scoile
| Príomhoide: |
Brian Ó Maoilchiaráin |
|

|
Aifric Ní Riagáin
Bláthnaid Ní Mhurchú
Turlough Ó Cuidithe
Seán Ó Cadhain
Siobhán Ní Chuinneagáin
Pádraig Ó Baoill |
Marie Uí Dhufaigh
Gearóidín de Búrca
Bairbre Ní Choisdealbha
Róisín Ní Bhriain
Seán Ó Briain
Deirdre Ní Neachtain
|
|
|
|

Duaiseanna an Oireachtais 2011 |

Buaiteoirí Chonnachta G-Factor 2011 |

Scoláirí Measctha Choláiste an Eachréidh |
Curaculam
Teastas Sóisearach
Gaeilge Béarla Matamaitic Fraincis Stair Tíreolaíocht Eolaíocht
Gnó
Miotalóireacht
Eacnamaíocht Bhaile
Adhmadóireacht
Graific Theicniúil
Ealaín
O.S.S.P.
Ábhair nach ábhair Scrúdaithe iad
Spórt
Ranganna Acmhainne
Teagasc Reiligiún
Staidéar Ríomhaireachta
SPHE
Clár Idirbliana (TYO) ó Meán Fómhair 2011 ar aghaidh |
Ardteistiméireacht
Gaeilge
Béarla
Matamaitic
Fraincis
Stair
Fisic
Ceimic
Bitheolaíocht
Cuntasaíocht
Foirgníocht
Innealltóireacht
Eacnamaíocht Bhaile
Graific Theicniúil (T4)
Ealaín
Gníomhaíochtaí Seach-Churaclaim
Peil
Cispheil
Sacar
Drámaíocht
Ceol
Díospóireachtaí Gael-Linn
|

Leadóg Bhoird Ealaín Eolaíocht
barr an leathanaigh
Éide Scoile
Geansaí Scoile Gorm
Bríste Dúghorm (mionstríocach do na cailíní)
Léine Bhán Póló
Bróga Néata
Ar fáil ó National Schoolwear Centre Guthán: (091) 755515
BUSANNA: Cuir glaoch ar BUS EIREANN ag 091-537685
Féilire Scoile 2011 -2012
TÉARMA 1
Luan 29 Lúnasa - Bliain 1
Máirt 30 Meán Fómhair - Bliain 3 & 5, agus Idir Bhliain
Céadaoin 31 Meán Fómhair - Gach Rang
SOS LÁR-TÉARMA
Aoine 28 Deireadh Fómhair ag dúnadh ag 3.35i.n
Luan 7 Samhain athoscailt
SAOIRE NA NOLLAG
Déardaoin 22 Nollaig ag dúnadh ag 3.40i.n
TÉARMA 2
Luan 9 Eanáir 2012 Athoscailt
SOS LÁR-TÉARMA
Aoine 10 Feabhra ag dúnadh ag 3.35i.n
Luan 20 Feabhra athoscailt
Luan 19 Márta - Coláiste dúnta, lá saoire bainc
SAOIRE NA CÁSCA Aoine 2 Aibreán ag dúnadh ag 3.35i.n
TÉARMA 3
Luan 16 Aibreán 2012 Athoscailt
Máirt 7 Bealtaine - Coláiste dúnta, lá saoire bainc
Aoine 1 Meitheamh - ag dúnadh - saoire an tsamhraidh
Scrúdaithe Stáit: Céadaoin 6 – 22 Meitheamh 2012
Áiseanna Teagaisc:
- Tá an trealamh seo sna seomraí ranga ginearálta - cláir bhána, osteilgeoirí, sonratheilgeoirí ilmheán, teilifíseáin, seinnteoirí DVD agus taifeadáin CD agus téipe.
- Stáisiúin ríomhaire líonraithe i ngach seomra ranga.
- Rochtain leathanbhanda ar an idirlíon.
- Printéirí léasair, scanóir, ceamara digiteach agus ceamthaifeadán.
- Úsáid seomra adhmadóireachta, seomra miotalóireachta, seomra Eacnamaíochta Baile agus Saotharlann Eolaíochta atá in aice láimhe againn.
- Tá a locar pearsanta féin ag gach dalta.
- Seomra caitheamh aimsire ina bhfuil leadóg bhoird agus cluichí boird.
- Limistéar cispheile agus úsáid pháirceanna imeartha in aice láimhe.
- Úsáid chúirt liathróid láimhe / scuaise in aice láimhe.
I g Coláiste an Eachréidh baintear úsáid as a "Clár Bán Idirghníomhach" a úsáideann cur chuige ilchéadfach múinteoireachta. Cuireann an clár níos mó deiseanna ar fáil d'idirghníomhaíocht agus do phlé. Méadaítear an méid ama múinteoireachta agus éascaítear an t-athdhéanamh trí acmhainní a úsáid atá níos forásaí agus a bhfuil níos mó éagsúlachta ag baint leo.


Turas go dtí Ceapach na gCapall Rásaíocht tras-tíre Turas Scoile
barr an leathanaigh
Gaisce Spóirt

Photo No.1 Above
Winners of the County Galway schools first year girls table tennis competition are pictured above with Terry Dolan (County Coordinator), congratulations to Dara, Aoife, Orla, Sinéad, Cáit and Donagh.
Photo No.2 Above
The boys team were beaten in the semi-final and are seen here with Terry Dolan, Aaron, Darren, Eoin, Criostóir, Kyle and Cian.
Ráiteas Misin
I gColáiste an Eachréidh déantar gach dícheall timpeallacht thaitneamhach shlán shábháilte a chur ar fáil ina ndéantar oideachas trí mheán na Gaeilge a sholáthar. Dírítear aird ar fhorbairt acadúil, shóisialta agus chultúrtha na scoláirí le súil lánchumas a bhaint amach. Aithnítear tréithiúlacht ar leith na scoláirí agus déantar gach iarracht iad a oiliúint le bheith ina saoránaigh measúla, réasúnacha, fiúntacha.
barr an leathanaigh
Leabharliosta
Cuireann Coláiste an Eachréidh na téacsleabhair ar fáil agus ligtear ar cíos iad ansin ag na daltaí ar aon trian den chostas ceannaigh. Nuair is indéanta, ceannaítear dhá shraith téacsleabhar d'fhonn na málaí scoile a éadromú.
barr an leathanaigh |