OBAIR FOIRNE
Spreagtar an fhoireann a bheith soiléir faoina ról féin agus faoi chomhfhreagracht d'fhonn go mbainfear barr feabhais amach trí fhoireann an Choiste Gairmoideachais.
Spreagtar agus tugtar tacaíocht do dhaoine eile ar mhaithe le spriocanna an Choiste Gairmoideachais. |
|
Beartais & Cur chuige an Choiste Gairmoideachais
- Aithnítear gur ag obair i bhfoirne is éifeachtúla a bhainfear an feabhas amach
- Cuirfear treoir agus tacaíocht ar fáil do na foirne ar fad laistigh den Choiste Gairmoideachais
|
|
Iompar Pearsanta
- Tuigeann a ról pearsanta i bhfeidhmiú na ndualgas laistigh den Choiste Gairmoideachas
- Cuireann ar bhealach dearfach le feidhmíocht na foirne
- Spreagann daoine eile chun spriocanna foirne a fheidhmiú agus tugann tacaíocht dóibh
|
| |
|
|
|
|
COMHOIBRIÚ
Oibríonn go maith le daoine eile ar mhaithe le comh-aidhm a bhaint amach agus oibríonn ar mhaithe le comhthuiscint a bhunú agus tugann tacaíocht nuair is indéanta |
|
Beartais & Cur chuige an Choiste Gairmoideachais
- Spreagann agus cuireann chun cinn ina ghnóthaí
|
|
Iompar Pearsanta
- Oibríonn ar mhaithe le caidreamh maith a chothú le daoine eile
- Aimsíonn comhthuiscint le daoine eile agus oibríonn chun seirbhísí an Choiste Gairmoideachais a chur chun cinn
|
| |
|
|
|
|
CEANNAIREACHT
Cuireann iompar a bhíonn chun leasa an Choiste Gairmoideachais, a fhoireann agus a chustaiméirí chun cinn i gcónaí. Spreagann agus gríosaíonn daoine eile chun úinéíreacht a ghlacadh ar chuspóirí an Choiste Gairmoideachais agus cuireann comhfhís don todhchaí chun cinn. |
|
Beartais & Cur chuige an Choiste Gairmoideachais
- Spreagann agus cothaíonn ceannaireacht éifeachtúil don fhoireann uile.
- Aithníonn beartas iontrála oscailte.
|
|
Iompar Pearsanta
- Léiríonn agus spreagann tiomantas comhfhís an Choiste Gairmoideachais a bhaint amach
- Cothaíonn creidiúnacht trí bheith iontaofa agus seasmhach
- Spreagann daoine eile atá ag obair ar nuachóiriú an Choiste Gairmoideachais
- Spreagann daoine eile a bheith nuálaíoch agus athrú a chur i bhfeidhm
- Glacann freagracht phearsanta as a ról féin laistigh de sheachadadh seirbhíse
|
| |
|
|
|
|
RANNPHÁIRTÍOCHT
Fáilítear roimh gach duine den fhoireann a gcuid féin a dhéanamh ar mhaithe le seirbhís an Choiste Gairmoideachais a sheachadadh. Spreagtar gach duine ag gach leibhéal den eagraíocht le bheith rannpáirteach |
|
Beartais & Cur chuige an Choiste Gairmoideachais
- Éascaítear páirtíocht na foirne i ngach mórthionscnamh sa Choiste Gairmoideachais
- Cuirtear meicníochtaí comhchomhairle ar fáil don fhoireann laistigh den Choiste Gairmoideachais
Spreagtar rannpháirtíocht na foirne i dtionscnaimh agus a mbainteachas leo |
|
Iompar Pearsanta
- Cuireann le cruinnithe agus imeachtaí foirne
- Déanann ionchur go díreach nó go hindíreach in imeachtaí a eagraítear le haghaidh chomhpháirtíocht na bhfostaithe
- Éascaíonn agus spreagann daoine eile le bheith páirteach agus cur leis
- Cinntíonn go gcuirfear tuairimí pearsanta in iúl i ngach tionscnamh tábhachtach
|
| |
|
|
|
|
CUSTAIMÉIR-LÁRNAITHE
Aithníonn gur le haghaidh na gcustaiméirí atá an Coiste Gairmoideachais ann agus tugann faoi gach tionscnamh agus aird ar a leasanna. |
|
Beartais & Cur chuige an Choiste Gairmoideachais
- Déanann impleachtaí gach tionscnamh do chustaiméirí a mheas
- Forbraíonn agus cothabhálann córais leanúnacha mhonatóireachta agus aiseolais d'fhonn coinneáil ar an eolas faoi riachtanais na gcustaiméirí
|
|
Iompar Pearsanta
- Cuireann riachtanais an chustaiméara sa lár i ngach tionscnamh.
- Measann riachtanais na gcustaiméirí agus oibríonn lena chinntiú go ndéantar freastal orthu
- Déanann a mhíle dícheall lena chinntiú go ndéantar freastal ar riachtanais an duine aonair
- Oibríonn ar mhaithe le seirbhís do chustaiméirí a fheabhsú agus lorgaíonn bealaí chun seirbhís den scoth a sheachadadh.
|
| |
|
|
|
|
CUMARSÁID
Míníonn ceisteanna an lae agus tuigeann an fhoireann ar fad na torthaí lena mbítear ag súil. Roinneann eolas leis na páirtithe leasmhara uile go luath |
|
Beartais & Cur chuige an Choiste Gairmoideachais
- Cinntíonn go dtuigeann gach a mbíonn ag obair dó fís agus aidhm an Choiste Gairmoideachais
- Déanann beartais agus struchtúir a fhorbairt a chinntíonn go bhfuil struchtúir dhóthanacha cumarsáide in áit
- Cothaíonn agus spreagann cumarsáid oscailte ar fud an Choiste Gairmoideachais
|
|
Iompar Pearsanta
- Míníonn ceisteanna agus na torthaí lena mbítear ag súil.
- Cuireann an fhoireann ar fad ar an eolas ar bhealach soiléir agus gonta.
- Tuigeann riachtanais chumarsáide dhreamanna éagsúla agus cuireann an teanga agus an bealach a gcuirtear an t-eolas i láthair in oiriúint do na riachtanais sin.
- Seiceálann go dtuigtear go soiléir aon eolas a chuirtear ar fáil
- Spreagann aiseolas go rialta
|