|
|
|
| |
Tá tú anseo: Baile > Ár Seirbhísí > Oifigeach Óige |
| |
Oifigeach Óige |
| |
 |
| |
|
| |
|
Oifigeach Óige:
Seoladh: |
Louise Ryan
Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe An Coiléar Bán Baile Átha an Rí Co. na Gaillimhe |
Guthán:
Facs:
Ríomhphost: |
091 874 539
091 874 260
lryan@cogalvec.ie | |
|
Léargas
Ceapadh Oifigeach Óige le déanaí i gCoiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Tá an tOifigeach Óige lonnaithe ag an gCeanncheathrú Riaracháin i mBaile Átha an Rí. Tá Oifigeach Óige rannpháirteach go gníomhach i bhforbairt agus i gcomhordú obair óige laistigh de Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe mar a fhoráiltear dó san Acht um Obair don Aos Óg 2001.
- Teagmháil a dhéanamh leis na heagraíochtaí cuí agus plean forbartha trí bliana maidir le hobair óige a dhréachtú; dearbhú a thabhairt don Choiste Gairmoideachais go gcuirtear obair óige i réimse an Choiste ar fáil de réir an phlean.
- Tuarascálacha bliantúla a ullmhú agus measúnú a dhéanamh ar chláir agus ar sheirbhísí obair óige sa réimse sin, chun cur ar chumas an Choiste Gairmoideachais athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean Forbartha agus Tuarascáil Obair Óige a dhéanamh.
- Pleananna, moltaí agus gníomhaíochtaí a chomhordú le heagraíochtaí náisiúnta obair óige ceadaithe, le heagraíochtaí ainmnithe deonacha áitiúla obair óige agus le heagraíochtaí údaraithe laistigh de cheantar an Choiste, comhordú cláir agus seirbhísí obair óige a chinntiú sa réimse le hoideachas agus cláir eile do dhaoine óga.
- Moltaí a dhéanamh ar iarratais deontais, clárúcháin agus leithdháiltí tionscadail.
- Caiteachas d'eagraíochtaí náisiúnta agus áitiúla obair óige a riaradh ag leibhéal áitiúil.
- Na hiarratais le haghaidh ainmniú ó eagraíochtaí deonacha áitiúla obair óige a mheas agus a phróiseáil.
- Monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar na cláir obair óige ar cuireadh airgead ar fáil dóibh agus measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar chaiteachas go léir a thabhófar i soláthar seirbhísí.
- Ceapadh an Choiste Obair Óige agus próiseas toghcháin Chomhairle Dheonach na nÓg a bhainistiú mar aon lena cruinnithe faoi seach a eagrú.
- Anailísí agus tuarascálacha a ullmhú de réir mar a bheidh gá leo nó de réir mar bheidh siad riachtanach ó am go ham ón gCoiste Gairmoideachais nó ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
- Aon dualgais eile a oireann don phost a dhéanamh de réir mar a chinnfidh an POF ó am go ham
Áirítear ar dhualgais an Oifigigh Óige:
barr an leathanaigh |
|