Ábhair:
- Teicneolaíocht Faisnéise
- Uimhearthacht agus Litearthacht
Léargas ar an tSeirbhís / Cláir agus Teastais a Thairgtear
Is clár sóisialta agus réamh-ghairmoiliúna trí bliana é an Clár Roghanna Oiliúna agus Oideachas Pearsanta (TOPE) a dearadh le freastal ar riachtanais daoine le deacrachtaí foghlama. Is aidhm dó freastal ar riachtanais gach rannpháirtí aonair d'fhonn a ndeiseanna cuimsithe sóisialta agus a ndeiseanna oibre a fhorbairt. Cuirfear an bhéim ar scileanna sóisialta, scileanna réamh-ghairmoiliúna agus scileanna maireachtála a fhorbairt in atmaisféar a chabhróidh le foghlaim.
Cuimsíonn na litreacha "TOPE" ardmhianta fhoireann an chláir agus iarrann siad ar rannpháirtithe, teaghlaigh, pléadálaithe, agus lucht gairmiúil sláinte páirtíocht ghníomhach a ghlacadh san eispéireas pobalbhunaithe nuálaíoch seo.
Léiríonn an clár éiteas agus misean na hEagraíochta agus cuimsíonn sé go leor freagraí straitéiseacha ar riachtanais aitheanta a rannpháirtithe. Déantar aithint riachtanas a dhearbhú trí chlárphlean aonair agus aithnítear tábhacht na pléadála mar mheán le haird a dhíriú ar riachtanais an duine aonair. Tá cead ag an gclár úsáid a bhaint as córas teisteasaithe FETAC, atá aitheanta go náisiúnta, a mbeidh rochtain ag gach rannpháirtí air. Is rogha teisteasaithe eile atá ar fáil é an Measúnú comhtháite.
Is lucht fágála scoile a bhíonn ar a laghad 16 bliana déag d'aois ár spriocghrúpa. Tá ár ngrúpa cliant ar fad faoi mhíchumas foghlama.
Spriocghrúpa
Daoine le deacrachtaí foghlama.
Amanna / Míonna ar fáil
Luan go hAoine - 9.30 a.m. – 5.00 p.m.
barr an leathanaigh |